English

Polasaí Cosaint agus Leas Leanaí

Glacann Coiste an Choláiste leis go bhfuil fíor-thábhacht le caomhnú leanaí agus leas leanaí maidir le gach gné de shaol an choláiste agus nach mór sin a bheith le sonrú ar pholasaithe, modhanna oibre agus beartaíocht uile an choláiste. Dá réir sin, ag teacht lena n-éilítear faoi ‘Nósanna Imeachta maidir le Caomhnú Leanaí i mBunscoileanna agus i Iarbhunscoileanna na Roinne Oideachais agus Scileanna, tá an polasaí seo a leanas maidir le caomhnú leanaí aontaithe ag Coiste Choláiste Laichtín

1. Tá glactha ag Coiste Choláiste Laichtín le ‘Nósanna Imeachta maidir le Caomhnú Leanaí i mBunscoileanna agus i Scoileanna Iarbhunscoile’: ‘Tús Áite do Leanaí’/ ‘Ár nDualgas Cúraim’ / ‘Child Protection and Welfare Practice Handbook’, na Roinne agus déanfar a gcur i bhfeidhm go hiomlán, gan athrú gan leasú, mar chuid den pholasaí ginearálta maidir le caomhnú leanaí.

2. An Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (DIA): Príomhoide

3. An Leas-Dhuine Idirchaidrimh Ainmnithe (Leas-DIA): Príomhoide Tanaisteach/múinteoir sinsireach.

4. I ndáil le polasaithe, modhanna oibre agus beartaíocht de chuid Choláiste Laichtín, cloífear leis na prionsabail seo a leanas den dea-chleachtas maidir le caomhnú leanaí agus leas leanaí:

Déanfaidh an coláiste:

  • glacadh leis go bhfuil fíor-thábhacht le caomhnú leanaí agus leas leanaí, gan bheann ar aon cheist eile
  • comhoibriú go hiomlán leis na húdaráis chuí faoin reachtaíocht maidir le caomhnú leanaí agus cúrsaí leasa leanaí
  • gnásanna sábháilte a ghlacadh chuici féin d’fhonn an dóigh go dtarlódh dochar nó tionóisc do leanbh a mhaolú oiread agus is féidir agus an lucht oibre a chosaint ó chall dul i mbaol nach gá a bhféadfadh gurb é toradh a bheadh air go gcuirfí droch-úsáid nó faillí ina leith
  • gnás ionracais a thabhairt chun cinn le tuismitheoirí a spreagadh a bheith rannpháirteach in oideachas a gcuid leanaí
  • meas iomlán a léiriú ar riachtanais rúndachta agus í ag déileáil le cúrsaí caomhnaithe leanaí.

Cloífidh an coláiste leis na prionsabail thuas freisin i ndáil le haon scoláire fásta lena mbaineann soghontacht speisialta.

 

Ráiteas Cosaint Leanaí

1. Eolas maidir leis na cúiseanna atá le polasaí agus leas leanaí.

  • Tús Áite do Leanaí: 4.7.1 agus 4.7.2

2.Tá an polasaithe seo dírithe ar na

  • Na scoláiorí
  • Tuismitheoirí
  • Múinteoirí
  • Ardchinnirí
  • Mná tí
  • Fostaithe eile / solátharóirí seirbhíse.

3.Tá sé de dhualgas ar na daoine thuas luaite a bheith ar an eolas faoi chosaint leanaí agus é a chur i bhfeidhm.

4.Tá aidhmeanna Cosaint Leanaí luaite sa réamhrá.

5.Tá sé d’aidhm ag Coláiste Laichtín páistí a choinneáil slán.

  • Tús Áite do Leanaí: 4.7.5
  • Ár nDualgais Cúraim: 1.7

6. Tá leas an pháiste níos tábhachtaí ná aon ní eile.

  • Tús Áite do Leanaí: 1.4
  • Ár nDualgais Cúraim: 1.4
  • Child Protection and Welfare Practice Handbook 1.2

7. Tugtar aitheantas do chearta an pháiste a bheith cosanta, meas a bheith ag daoine ar an bpáiste, go bhfuiltear le héisteacht le páistí agus aird a thabhairt ar a dtuairimí.

  • Tús Áite do Leanaí: Caibidil 1
  • Ár nDualgais Cúraim: 1.4

8. Déanfar athbhreithniú rialta ar an bpolasaí cosaint leanaí ag tráthanna speisialta (nuair a athraítear an dlí) agus taobh amuigh de sin gach dara bliain ar a laghad. Déanfaidh coiste stiúrtha an choláiste an t-athrú seo.

 

Sainmhíniú ar Mhí Usáid

1. Sainmhíniú de réir Tús Áite do Leanaí.

  • Tús Áite do Leanaí: Caibidil 2
  • Child Protection and Welfare Practice Handbook 1.4

2. Tagairt do chomharthaí agus soimtóim mí úsáide.

  • Tús Áite do Leanaí: Auigisín 1
  • Child Protection and Welfare Practice Handbook 1.32

 

Nósanna Imeachta Tuairisce

1.Tá treoracha maidir le cosaint agus leas leanaí ar fáil.

  • Tús Áite do Leanaí: 2.6 agus 2.7

2.Tá samplaí maidir le cúiseanna réasúnta le himní a bheith ar dhaoine maidir le leas leanaí.

  • Ár nDualgais Cúraim: 1.20
  • Child Protection and Welfare Practice Handbook 2.2

3. Tá treoracha maidir le nochtadh eolais maidir le mí-úsáid

  • Tús Áite do Leanaí: 2.7.3
  • Ár nDualgais Cúraim: 1.17
  • Child Protection and Welfare Practice Handbook 2.5

4. Tá cur síos maidir le céimeanna le leanacht le himní maidir le leas agus cosaint leanaí a thuairisciú

  • Tús Áite do Leanaí: Caibidil 3
  • Child Protection and Welfare Practice Handbook 2.9

5. Déanfar teagmháil agus rachfar i dteagmháil leis an Oibrí Sóisialta ar Dualgas in Seirbhís Leanaí agus Teaghlaigh de chuid an FSS nuair nach bhfuiltear cinnte an gá tuairisc fhoirméalta a dhéanamh

  • Tús Áite do Leanaí: Caibidil 3.4.2
  • Child Protection and Welfare Practice Handbook 2.7

6. Tá sonraí teagmhála na Seirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh de chuid an FSS (Oibrí Sóisialta ar Dualgas) luaite.

  • Tús Áite do Leanaí: Auigisín 2
  • Child Protection and Welfare Practice Handbook 5.1

7. Cuirfear na tuismitheoirí/caomhnóirí ar an eolas má táthar ag cur tuairisce faoi bhráid an FSS ach ní dhéanfar é seo má táthar ag cur an pháiste i mbaol breise.

  • Tús Áite do Leanaí: 3.2.9
  • Child Protection and Welfare Practice Handbook 2.12

8. Cuirtfear tuairiscí ar aghaidh Seirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh de chuid an FSS gan mhoill.

  • Tús Áite do Leanaí: 3.2.5

9. Déanfar taifead ar gach a nochtar agus gach ábhar imní.

  • Tús Áite do Leanaí: 2.7.6
  • Ár nDualgais Cúraim: 1.16

10. Is ceart baol riosca nach bhfuil aitheanta a thuairisciú don FSS. Tús Áite do Leanaí: 3.2.4

11.Tá iarmhairtí ag baint le teip nó diúltiú tuairisciú agus ar theip dul i bhfeidhm ar chosaint leanaí agus mí-úsáid leanaí mar a bhaineann sé le téarmaí maidir le leanaí a chur i mbaol go meargánta faoi théarmaí Rannóg 176 den Acht um Cheartas Choiriúil agus reachtaíocht ábhartha eile.

12. An ghníomh a thógfaidh an tSeirbhís nuair a chinneann an DIA gan tuairisc a chur faoi bhráid an FSS.

  • Tús Áite do Leanaí: 3.8.1

13. Forláracha an Achta um Chosaint Leanaí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid do Leanaí 1998 mar atá cosaint ó:

  • Dlitheantas Síbhialta
  • Píonósú fostóra (3.10)

14.Tá Foirm Chaighdeánach Tuairisciú nuair atáthar ag cur tuairisce ar aghaidh chuig an bPríomh Oibrí Sóisialta nó an tOibrí Sóisialta ar Dualgas de chuid an FSS sna seirbhísí leanaí agus teaghlaigh.

  • Tús Áite do Leanaí: 3.4.4 agus Auigisín 3
  • Child Protection and Welfare Practice Handbook 2.9

15.I gcás éigeandála nuair atá duine den tuairim go bhfuil páiste i mbaol láithreach bonn agus nach bhfuil duine in ann teagmháil a dhéanamh leis an FSS, is ceart teagmháil a dhéanamh leis na gardaí.

  • Tús Áite do Leanaí: 3.4.3
  • Child Protection and Welfare Practice Handbook 2.8

16.Léireofar mar a dhéanfear taifead ar imní nach gá a thuairisciú don FSS, mar shampla eachtra a tharla.

  • Ár nDualgais Cúraim: 1.21

17.Leagfar amach na próiséis le déileáil le nochtadh cúlghabhálach mí-úsáid leanaí ag daoine fásta.

  • Tús Áite do Leanaí: 3.6
  • Child Protection and Welfare Practice Handbook 3.1.16

18.Leagfar amach mar a dhéanfar imní tríú páirtí a thuairisciú do Seirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh de chuid an FSS.

  • Tús Áite do Leanaí: 5.15.3
  • Child Protection and Welfare Practice Handbook 2.11

19.Má théann páiste ar iarraidh:

  • Mura bhfuil an scoláire san áit ba chóir dó a bheith ag am faoi leith ní mór na tuismitheoirí/caomhnóirí a chur ar an eolas
  • Cuardach timpeall na scoile
  • Teach loistín
  • Scoláirí eile a chur ar an eolas
  • Mura dtagtar ar an scoláire na seirbhísí éigeandála a chur ar an eolas.

 

Duine Ainmnithe Idirchaidrimh

1. Beidh scoláirí, múinteoirí agus mná tí ar an eolas maidir leis an DIA agus an Leas DIA

2. Beidh ainmneacha an DIA agus an Leas DIA ar fhógra a bheidh le feiceáil ag cuairteoirí chuig an gcoláiste

3. Beidh uimhreacha teangmhála ar an bhfógra

4. Eolasach maidir le tuairisciú ar an bhFoirm Chaighdeánach

5. Eolasach agus traenáil acu maidir le Cosaint Leanaí.

 

Treoracha maidir le Rúndacht

1. Má bhíonn imní faoi chosaint nó leas páiste ann roinnfear an t-eolas leo siud amháin a bhfuil gá acu leis an eolas seo agus ar mhaithe leis an bpáiste amháin.

  • Tús Áite do Leanaí: 3.9

2. Ní féidir gealltanas athabhairt maidir le rúndacht agus tá sé seo le sonrú in imeachtaí ó lá go lá.

  • Tús Áite do Leanaí: 3.9.3

3. Soiléiriú nach sárú rúndachta nó sárú cosaint sonraí riamh é eolas a roinnt ar mhaithe le cosaint nó leas an pháiste.

  • Tús Áite do Leanaí: 3.2.9

4. Tá ceart ag tuismitheoirí eolas a bheith acu nuair atá eolas a roinnt, ach amháin má chuireann sé seo páiste i mbaol.

  • Tús Áite do Leanaí: 3.2.9 agus 5.2.6
  • Ár nDualgais Cúraim: 1.22

5. Soiléiriú nach sárú rúndachta nó sárú cosaint sonraí riamh é eolas a roinnt ar mhaithe le cosaint nó leas an pháiste.

  • Tús Áite do Leanaí: 3.9.4
  • Ár nDualgais Cúraim: 1.22

6. Tá taifead á choinneáil go rúnda agus go sábhailte.

  • Tús Áite do Leanaí: 3.9.3 agus 3.11.2 / Achtanna um Chosaint Leanaí.

7. Tá polasaí comhoibriú le seirbhísí leanaí agus teaghlaigh an FSS agus na gardaí nuair a bhíonn imní maidir le leas an pháiste

  • Tús Áite do Leanaí: 4.7.5 viii

8. Tá polasaí ann maidir le taifead a choinneáil a bhaineann le leas nó cosaint an pháiste.

9. A bheith ar fáil chun freastal ar chruinnithe agus eolas a roinnt, mar a oireann, ag cruinnithe cosaint agus leas leanaí agus teaghlaigh an FhSS, mar shampla Comhdhálacha Cosaint Leanaí agus Cruinnithe Straitéiseacha 

  • Tús Áite do Leanaí: 1.2
  • Cód Iompair
  • Cod Smachta
  • Polasaí Obair Bhaile
  • Polasaí Taistil go dtí an Mórthír
  • Polasaí Frithbhulaíochta
  • Polasaí Oideachais Caidrimh agus Gnéasachta
  • Polasaí Oideachais Shóisialta, Pearsanta agus Sláinte
  • Polasaí Scoláirí le Riachtanais Speisialta
  • Polasaí Sabháilteacht Idirlín
  • Polasaí Iontrála
  • Polasaí Gaeilge
  • Polasaí maidir le Múineadh Scoláirí Aonair
  • Polasaí Teicneolaíocta Fáisnéis Chumarsáide
  • Polasaí ar Bhainistiú Géarchéime
  • (gach polasaí eile scoile)

Tá sé cinntithe ag an gCoiste go bhfuil na polasaithe, prótacail nó cleachtais, de réir mar is cuí, curtha i bhfeidhm i ndáil le gach ceann de na nithe thuasluaite.

 

Taifead a choinneáil

1. Coinneoidh an príomhoide taifead maidir le himní, líomhaintí nó nochtadh mí-úsáid leanaí faoi ghlas in oifig an choláiste.

Coinneofar an taifead faoi ghlas in oifig an rúnaí ina dhiaidh sin.

2. Beidh stiúrthóirí an choláiste ábalta teacht ar na taifid más gá. Coinneofar na taifid go rúnda agus go sábháilte.

  • Tús Áite do Leanaí: 3.9.3 agus 3.11.2, Achtanna um Chosaint Sonraí)

3. Tabharfar cabhair do sheirbhísí leanaí agus teaghlaigh an FhSS trí eolas agus Taifid a chur ar fáil dóibh nuair imní ann maidir le cosaint nó le leas an pháiste.

  • Tús Áite do Leanaí: 4.7.5 viii

Tá polasaí ann maidir le taifead a choionneáil a bhaineann le leas nó cosaint an pháiste.

Athbhreithniú

Dáta athbhreithnithe: Márta 2016

Glactha ag Coiste an Choláiste:

Sínithe: __________________________bPríomhstiúrthóir.