English

Lóistín

Is iad údaráis an choláiste a eagraíonn an lóistín do na scoláirí. Fanann na scoláirí i dtithe áitiúla atá ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta.

Cinneann Roinn na Gaeltachta cé mhéad scoláire a fhanann i ngach teach. Bíonn leaba amháin do gach scoláire. Is féidir le cairde fanacht le chéile. Is iad údaráis an choláiste a dhéanann an cinneadh deireanach.