English

Maidir linn

Bhunaigh Seosamh Mac Mathúna as Sráid na Cathrach, Co. an Chláir Coláiste Laichtín Naofa i 1960. D’fhreastal 50 scoláire ar an gcoláiste an bhliain sin.

Tháinig fás agus forbairt ar an gcoláiste riamh ó shin. Oileán beag álainn é Inis Oírr a bhfuil trá bhreá ghainimh ann.

Is í an Ghaeilge gnáth-theanga caidrimh na n-oileánach. Fanann na scoláirí le muintir na háite agus tugann sé seo an-deis dóibh líofacht a ghnóthú sa Ghaeilge. Cuireann Inis Oírr thar aon áit eile timpeallacht ina mbíonn tumadh iomlán agus taithí slán, sonrach Gaeltachta ar fáil. Bíonn ranganna ar siúl sa mheánscoil áitiúil, Coláiste Ghobnait.

Úsáideann an coláiste an halla pobail a shíneann amach ón meánscoil do na céilithe agus go leor imeachtaí eile. Tá an pháirc pheile agus na cúirteanna cispheile trasna an bhóthair ón gcoláiste. Tá an trá agus na háiseanna áitiúla go léir suite in aice an choláiste.