English

Imeachtaí an Lae

9.30 a.m. – Cuireann Bean an Tí an bricfeasta ar fáil.

10.30 a.m. – Bíonn comhrá, díospóireachtaí, cluastuiscint, cleachtaí tuisceana agus cleachtaí gramadaí, cluichí ranga agus comórtais ar siúl i rith ranganna na maidine. Beidh na himeachtaí seo ar fad tairbheach do ranganna an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta. Ullmhaítear scoláirí bunscoile dom mheánscoil.

1.30 i.n. – Cuireann Bean an Tí an lón ar fáil.

2.45 i.n. – Léigeanna sacair. Am ar fáil chun ullmhú d’imeachtaí éagsúla.

3.30 i.n. – Imeachtaí mar seo a leanas:

Cluichhí Lasmuigh: Cispheil, Peil (cosaint fiacla riachtanach), Sacar, Iománaíocht (clogad riachtanach), Liathróid Láimhe, Eitpheil, Seachain agus Rugbaí Leaiste.

Tóg feisteas spóirt leat le do thoil.

Páirc Uile-Aimseartha ar fáil.

Cluichí Laistigh: Leadóg Bhoird, Táiplis, Fichill, Cártaí, Scrabble as Gaeilge agus go leor Cluichí Boird eile

Snámh: Ceann de na tránna is áille in Éirinn. Garda Tarrthála ar dualgas sa samhradh.

Aíonna Speisialta: Ceoltóirí, amhránaithe agus ealaíontóirí áitiúla.

Comórtais Tallainne: Tóg leat do chuid uirlísí ceoil agus na bróga rince.

Duaiseanna do go leor imeachtaí: Gaeilgeoir na Seachtaine, Gaeilgeoir an chúrsa, dalta an chúrsa, an dalta is mó a chuir leis an gcúrsa, an dalta is mó feabhais, an dalta is fearr sa rang, dalta an chúrsa, an dialann ranga is fearr, an cóipleabhar ranga is fearr, díospóireachtaí idir ranganna, an cainteoir is fearr, gradam na seachtaine, rinceoir an chúrsa, ceoltóir an chúrsa, amhránaí an chúrsa, Comórtas na dTithe agus duaiseanna do na comórtais spóirt go léir.

Siúlóidí dúlra agus stairiúla.

Imeachtaí ealaíne / Bráisléid Cairdis / Clocha Seodra.

Tóir an Óir.

Treodóireacht.

Turais báid go hAillte an Mhóthair. (Roghnach)

Má bhíonn an aimsir oiriúnach.

6.30 i.n. – Cuireann Bean an Tí tae an tráthnóna ar fáil.

8.00 i.n. – An Céilí – seo é buaicphointe an lae, faigheann tú seans bualadh le do chairde nua agus dul ag rince. Cuireann gach teach, Comórtas na dTithe (seó ilsiamsa) ar siúl. Bíonn téamaí eagsúla ag na céilithe gach oíche, rud a chuireann spórt agus spraoi dochreidte ar fáil.

10.10 i.n. – Cuireann Bean an Tí an suipéar ar fáil.

D’fhéadfadh athrú a theacht ar an amchlár ag brath ar imeachtaí atá eagraithe.