English
TBC

COURSE A TÁILLE

3 weeks
All levels
0 lessons
0 quizzes
0 students
Spásanna ar Fáil

Freastalaíonn an cúrsa a chuireann Coláiste Laichtín ar fáil ar scoláirí ó gach leibhéal, ó chaighdeán an-íseal go caighdeán an-ard. Tá Coláiste Laichtín suite i dtimpeallacht faoi leith ina dtumtar na scoláirí i dtobar na Gaeilge. Bíonn cuimhní buana, dearfacha ag na scoláirí tar éis an chúrsa. Roinntear na scoláirí i ranganna de réir aoise agus cumais. Foghlaimíonn na scoláirí trí chomhrá sa rang, an chlann lena mbíonn siad ar lóistín, muintir na háite agus go deimhin trí mheán an spóirt, céilithe, ceol agus amhránaíocht. Mar imeachtaí ranga cleachtann siad díospóireachtaí, cluastuiscint, cleachtaí tuisceana agus cleachtaí gramadaí, cluichí ranga agus comórtais. Beidh na himeachtaí seo ar fad tairbheach do ranganna an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta. Déanann siad dul chun cinn i bhfoghlaim na Gaeilge in atmaisféar idéalach, scoite amach ón trácht agus callán na mórthíre. De bharr an eispéiris seo tagann athrú chun feabhais ar dhearcadh na scoláirí de réir mar a théann siad ar aghaidh lena gcuid oideachais. Tá sé an-tábhachtach do scoláirí uirlisí ceoil agus bróga rince a thógáil leo mar gheobhaidh siad deis cleachtadh a dhéanamh agus taispeántais a chur ar siúl. Cuireann sé seo go mór le hatmaisféar an chúrsa. Faigheann gach scoláire leabhrán ina scríobhann siad cuntas laethúil, cuireann an leabhrán ábhar atá oiriúnach don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht ar fáil.

Breis eolais

Chun an tairbhe is fearr a bhaint as an gcúrsa, déanfar scrúdú cainte ag tús gach cúrsa chun cumas Gaeilge an scoláire a mheas. Beidh scrúdú cainte eile ann roimh dheireadh an chursa. Seolfar tuairisc chuig tuismitheoirí maidir le dul chun cinn i Labhait na Gaeilge, forbairt phearsanta agus shóisialta, rannpháirtíocht, dialann/cóipleabhar agus moltaí roimh dheireadh an chursa.

Tá nótaí ullmhúcháin don scrúdú cainte ar fáil ar shuíomh gréasáin an choláiste.

Polasaí maidir le labhairt na Gaeilge.

Cuirtear béim ar dhearcadh dearfach.

Beidh múinteoirí agus ardchinnirí i láthair ag naan himeachtaí go léir chun an Ghaeilge a spreagadh.

An chéad uair a thugtar scoláire chuig an bpríomhoide maidir le labhairt Béarla, beidh comhrá ag an scoláire agus ag an bpríomhoide, tabharfar deis cainte don scoláire agus cuirfidh an príomhoide comhairle ar an scoláire.

An dara huair a thugtar scoláire chuig an bpríomhoide maidir le labhairt Béarla, beidh comhrá ag an scoláire agus ag an bpríomhoide, tabharfar deis cainte don scoláire agus cuirfidh an príomhoide comhairle ar an scoláire. Beidh comhrá ag na tuismitheoirí/caomhnóirí leis an bpríomhoide agus lena mac/iníon chun cinntiú go rachaidh cúrsaí chun feabhais.

An tríú huair a thugtar scoláire chuig an bpríomhoide maidir le labhairt Béarla, beidh comhrá ag an scoláire agus ag an bpríomhoide, tabharfar deis cainte don scoláire agus cuirfidh an príomhoide comhairle ar an scoláire. Beidh comhrá ag na tuismitheoirí/caomhnóirí leis an bpríomhoide agus lena mac/iníon chun cinntiú go rachaidh cúrsaí chun feabhais. Cuirfear tuismitheoirí/caomhnóirí ar an eolas go seolfar a mac/iníon abhaile an chéad uair eile a thugtar é/í chuig an bpríomhoide maidir le labhairt Béarla.

An ceathrú huair a thugtar scoláire chuig an bpríomhoide maidir le labhairt Béarla, deánfaidh an príomhoide teagmháil leis na tuismitheoirí/caomhnóirí maidir le socruithe taistil chun a mac/iníon a thógáil abhaile.

Is annamh a tharlaíonn sé seo.

 

Polasaí maidir le cúrsa a chur ar ceal/COVID 19 

  • Ní mór iarmhéid tháille an chúrsa a bheith íoctha sé seachtaine sara dtosnaíonn an cúrsa. Mara níoctar an t-iarmhéid fén ndáta sin, tá sé de cheart ag Coláiste Laichtín a dhearbhú go bhfuil an áirithint ar ceal, agus sa chás sin, caillfear an éarlais iomlán a díoladh.
  • Sa chás go gcuirfidh mac léinn / nó duine ar bith thar ceann an mhic léinn, an cúrsa ar ceal, i scríbhinn, suas go dtí sé seachtaine sara dtosnaíonn an cúrsa, seolfar an éarlais iomlán thar n-ais, lúide táille riaracháin €50. Baineann an costas seo le riaradh ar áirithintí, ullmhú an chúrsa, obair ullmhúcháin in ionad an chúrsa agus soláthar an chúrsa)
  • An té is túisce a chláraíonn a nglacfar leis ar an gcúrsa. Agus sa chás go n-aithríonn cuinsí an chúrsa glacfar leosan is luaithe a chláraigh. Cuirfear seo i bhfeidhm sa chás go laghdófaí líon na rannpháirtithe ar chúrsa mar gheall ar shrianta COVID 19.
  • Sa chás go mbeidh laghdú ar na tithe atá ar fáil ag an nóiméad deireanach, tá seans ann go mbeidh ar an choláiste do áirithint a chur ar ceal.
  • Má chuirtear cúrsa ar ceal mar gheall ar COVID 19, nó mar gheall ar chúinsí eile nach bhfuil smacht ag Coláiste Laichtín orthu, nó/agus ar chomhairle an tríú páirtí nó údaráis, seolfar gach táille thar n-ais seachas an costas riaracháin €20.
  • Sa chás go mbeidh laghdú ar na tithe atá ar fáil ag an nóiméad deireanach, tá seans ann go mbeidh ar an choláiste do áirithint a chur ar ceal.
  • Tá Coláiste Laichtín tiománta do threorlínte sláinte phoiblí a leanacht. Táimid ag fanacht le treoir ón HSE agus ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus beimid ag leanacht aon treoirlínte leagtha síos
  • Tá Coláiste Laichtín an-tiomanta do shábháilteacht ár gcuid scoláirí agus foireann oibre ar fad agus beidh aon athruithe a chuirtear i bhfeidhm ag cloí le treoirlínte sláinte phoiblí atá molta.