English

Ceisteanna

Tá Coláiste Laichtín suite ar Inis Oírr ceann d’Oileáin Árann i gCuan na Gaillimhe. Cliceáil anseo chun Mápa a fháil

Bíonn na scoláirí idir 11 bl. – 19 bl.

Fanann na scoláirí í dtithe áitiúla le bean an tí. De ghnáth bíonn idir 8 & 16 scoláire i ngach teach. Tá na tithe go léir ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta.

Is féidir le scoláirí fón póca a thógáil leo. Is féidir leo an fón a úsáid sa lóistín idir 6.00 p.m – 8.00 p.m.

Tá. Is féidir le grúpa beag fanacht le chéile. Is iad údaráis an choláiste a dhéanann an cinneadh deireanach.

Tagann tuismitheoirí ar cuairt de ghnáth Dé Domhnaigh. Ní mór socruithe speisialta a dhéanamh leis an gcoláiste má tá sé i gceist ag tuismitheoirí teacht ar cuairt aon am eile. Ní mór do thuismitheoirí teacht chuig an gcoláiste chun a mac/iníon a bhailiú, iad a shíniú amach agus iad a shíniú isteach sula bhfágann siad.

Is féidir. Ní mór na sonraí go léir a thabhairt do Choláiste Laichtín agus do bhean an tí.

Braitheann sé seo ar gach scoláire.

Glactar leis go labhraíonn scoláirí Gaeilge an t-am go léir. Ní bheadh sé ceart ná cóir go mbeadh scoláire nó grúpa scoláirí ag cur as do scoláirí eile. Cuirtear daoine nach nglacann le comhairle abhaile.

Bíonn busanna as Baile Átha Cliath, Baile Átha Luain, Inis agus Gaillimh

Freastalaíonn scoláirí ar ranganna ó Luan go Satharn. Múineann múinteoirí cáilithe na ranganna. Bíonn an bhéim ar an nGaeilge labhartha.

Tá sé fíor thábhachtach go mbeadh éadaí báistí ag gach scoláire – cóta báistí agus cáipín.

Moltar do scoláirí uirlísí ceoil a thabhairt leo. Spreagtar muinín sna ceoltóirí, tagann grúpaí le chéile agus bíonn sé an-tairbheach nuair a bhíonn Comórtas na dTithe ar siúl.

Moltar do scoláirí uirlísí ceoil a thabhairt leo. Spreagtar muinín sna ceoltóirí, tagann grúpaí le chéile agus bíonn sé an-tairbheach nuair a bhíonn Comórtas na dTithe ar siúl.

Déan cinnte go mbíonn na sonraí cruinn agus suas chun dáta. Tabhair seoladh agus Uimhir theileafóin san áit inar féidir teagmháil a dhéanamh leat i rith an chúrsa.

Ta dochtúir agus altra ar an oileán.

Tá an scoláire féin freagrach as costais leighis.

Íoctar €200 le Coláiste Laichtín mar éarlais. Mura bhfaigheann scoláire áit sa choláiste tugtar an éarlais €200 ar ais. 
Seoltar an chuid eile den airgead chuig Coláiste Laichtín nuair a fhaigheann tú fógra sula dtosaíonn an cúrsa. Íoctar seiceanna/Orduithe Poist le Coláiste Laichtín.
Ní thugtar aon aisíoc d’aon scoláire nach gcríochnaíonn an cúrsa nó a chuirtear abhaile.