Polasaí Cosaint agus Leas Leanaí Overview

Polasaí Cosaint agus Leas Leanaí Overview

Glacann Coiste an Choláiste leis go bhfuil fíor-thábhacht le caomhnú leanaí agus leas leanaí maidir le gach gné de shaol an choláiste agus nach mór sin a bheith le sonrú ar pholasaithe, modhanna oibre agus beartaíocht uile an choláiste. Dá réir sin, ag teacht lena n-éilítear faoi ‘Nósanna Imeachta maidir le Caomhnú Leanaí i mBunscoileanna agus i Iarbhunscoileanna na Roinne Oideachais agus Scileanna, tá an polasaí seo a leanas maidir le caomhnú leanaí aontaithe ag Coiste Choláiste Laichtín

1. Tá glactha ag Coiste Choláiste Laichtín le ‘Nósanna Imeachta maidir le Caomhnú Leanaí i mBunscoileanna agus i Scoileanna Iarbhunscoile’: ‘Tús Áite do Leanaí’/ ‘Ár nDualgas Cúraim’ / ‘Child Protection and Welfare Practice Handbook’, na Roinne agus déanfar a gcur i bhfeidhm go hiomlán, gan athrú gan leasú, mar chuid den pholasaí ginearálta maidir le caomhnú leanaí.

2. An Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (DIA): Príomhoide

3. An Leas-Dhuine Idirchaidrimh Ainmnithe (Leas-DIA): Príomhoide Tanaisteach/múinteoir sinsireach.

4. I ndáil le polasaithe, modhanna oibre agus beartaíocht de chuid Choláiste Laichtín, cloífear leis na prionsabail seo a leanas den dea-chleachtas maidir le caomhnú leanaí agus leas leanaí:

Déanfaidh an coláiste:

  • glacadh leis go bhfuil fíor-thábhacht le caomhnú leanaí agus leas leanaí, gan bheann ar aon cheist eile
  • comhoibriú go hiomlán leis na húdaráis chuí faoin reachtaíocht maidir le caomhnú leanaí agus cúrsaí leasa leanaí
  • gnásanna sábháilte a ghlacadh chuici féin d’fhonn an dóigh go dtarlódh dochar nó tionóisc do leanbh a mhaolú oiread agus is féidir agus an lucht oibre a chosaint ó chall dul i mbaol nach gá a bhféadfadh gurb é toradh a bheadh air go gcuirfí droch-úsáid nó faillí ina leith
  • gnás ionracais a thabhairt chun cinn le tuismitheoirí a spreagadh a bheith rannpháirteach in oideachas a gcuid leanaí
  • meas iomlán a léiriú ar riachtanais rúndachta agus í ag déileáil le cúrsaí caomhnaithe leanaí.

Cloífidh an coláiste leis na prionsabail thuas freisin i ndáil le haon scoláire fásta lena mbaineann soghontacht speisialta.V

Leave a Reply

Your email address will not be published.